| Lyrics: | Mo bheannacht le na buachaillí a dimigh uain thar sáile,
Ach dfág siad
culaith dheas orm le dhul amach De Domhnaigh,
Cóta mór go talamh agus bheiste den
tsíoda láidir,
Bríste bhí san fhaisean agus bróga den
leathar Spainneach.
Curfa
Oró na buachaillí, na buachaillí
bhí álainn,
Oró na buachaillí, na buachaillí bhí
álainn.
Nuair a tchímsa an fharraige garbh ó sé mo
chroí bíos cráite,
Ag saoineadh ar na buachaillí mar bhíonn
siad ins na bádaí,
Ach guím-sa Rí na nAingeal sé
shorcúios na pláinéid,
S go dtuga sé slán na
buachaillí ar chontúirt a bheith báite.
Curfa
Fuair
mé litir as Albain s ní raibh sé in mo shásamh,
Gur pósadh
na buachaillí ar chailíní na h-áite,
Ach ní nár
mhaith linn acu iad dá mbeadh siad inar sásamh,
Ach cailíní na
n-oiléan s iad an dream a bhfearr linn.
Curfa |